Faoi

Cén fáth ar cruthaíodh Catalóg Chomhéadain Feidhmchláir (APInna) na Seirbhíse Poiblí?

Samhlaítear leis an Straitéis Sonraí Seirbhíse Poiblí reatha éiceachóras sonraí a chuimsíonn an tSeirbhís Phoiblí ar fad.

Mar an gcéanna, le Catalóg API na Seirbhíse Poiblí, cuirtear chun cinn athúsáid mhéadaithe sonraí laistigh den tSeirbhís Phoiblí trína chur ar chumas Forais Seirbhíse Poiblí mionsonraí maidir lena gcuid APInna a fhoilsiú le go bhféadann Forais Seirbhíse Poiblí agus eagraíochtaí eile teacht orthu.

I ndeireadh na dála, nuair a chuirtear le hathúsáid sonraí, laghdaítear ar atiomsú sonraí. Is é a eascraíonn as seo ná laghdú ar an ualach ar an bpobal i dtaca le faisnéis a bheadh curtha ar fáil acu cheana a chur isteach arís agus, de bhreis air sin, fágtar go mbíonn laghdú ar an ualach riaracháin ar an tSeirbhís Phoiblí maidir leis an atiomsú sonraí sin a bhainistiú.

Léiríonn na torthaí seo freisin an fhís a bhaineann leis an Straitéis um Sheirbhísí Poiblí Níos Fearr , mar atá, Seirbhís Phoiblí ionchuimsitheach ardchaighdeáin chomhtháite a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais agus a fheabhsaíonn saol mhuintir na hÉireann.

Cad is Comhéadain Feidhmchláir nó APInna ann?

Soláthraíonn Comhéadain Feidhmchláir nó APInna meicníocht theicniúil trínar féidir sonraí a mhalartú go slán idir córais TF de chuid na Seirbhíse Poiblí thar an idirlíon.

Cad a chuimsíonn an Catalóg?

Is é atá sa Chatalóg API ná an pointe lárnach d’Fhorais Seirbhíse Poiblí ar ar féidir leo sonraí dá gcuid APInna a chlárú d’fhonn rochtain a éascú ar thacair sonraí choiteanna a bheadh á gcoimeád laistigh dá n-eagras le go bhféadfaidh eagrais de chuid na Seirbhíse Poiblí iad a aimsiú. Ní chuimsíonn an Catalóg API aon tacair sonraí ina mbeadh sonraí pearsanta a bailíodh ón bpobal ach tá meiteashonraí ann a bhaineann le cuspóir na nAPInna, na tacair sonraí ar féidir rochtain a fháil orthu, an t-eagras a choimeádann an API agus an tacar sonraí, agus mar a thionscnaítear rochtain ar API idir na Forais Seirbhíse Poiblí. Ní mór d’Fhorais Seirbhíse Poiblí clárú chun an catalóg a fhoilsiú, a chuardach nó chun breathnú air. Ní hann d’aon rochtain phoiblí ná tráchtála.

Cad atá i gceist le Caighdeáin API na Seirbhíse Poiblí?

Tá leagtha amach sa straitéis Cónascadh Rialtais 2030 , maidir leis an Rialtas mar Ardán, go bhfuil Caighdeáin API na Seirbhíse Poiblí éigeantach chun tacú le timpeallacht dhigiteach uile-rialtais idiroibríoch. Táthar le glacadh leis na caighdeáin seo ar fud na Seirbhíse Poiblí mar dhea-chleachtas comhaontaithe i dtaca le forbairt, dearadh, cothabháil agus slándáil na nAPInna.

Cé a fheidhmíonn Catalóg API na Seirbhíse Poiblí?

Tá an catalóg á fheidhmiú ag Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le datagovernance@per.gov.ie