Skip to content

Faoi na Sonraí seo

Faoi na Sonraí seo

Cuirfidh Catalóg Sonraí na Seirbhíse Poiblí faisnéis ar fáil ar na sonraí fadréimseacha atá á gcoimeád ag an tseirbhís phoiblí in Éirinn. Áirítear leis an réimse seo sonraí pearsanta agus sonraí gnó, chomh maith le sonraí atá ríthábhachtach chun seirbhísí poiblí a sholáthar agus beartas poiblí a cheapadh. Mar a chonacthas sa Chatalóg, tagann na sonraí seo ó réimse foinsí difriúla. Is féidir Sonraí Seirbhíse Poiblí a ghrúpáil go forleathan de réir na gcatagóirí seo a leanas; Pearsanta, Gnó, Spásúil, Pearsanta Íogair

Pearsanta Mar atá leagtha amach sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), is ionann na sonraí seo agus sonraí a bhaineann le duine beo nó atá in ann duine beo a aithint, astu féin nó in éineacht le faisnéis eile atá ar fáil. Úsáidtear sonraí pearsanta go forleathan chun seirbhísí poiblí a sholáthar in éineacht le seirbhísí amhail Iarratais ar Phasanna agus Sochair Leasa.
Gnó Is catagóir leathan iad sonraí gnó agus d’fhéadfadh sonraí a bhailítear maidir le gnó nó le heintitis dlí eile, chomh maith le faisnéis laethúil a bhailíonn comhlachtaí poiblí chun beartas a cheapadh nó seirbhísí a chur ar fáil, a bheith i gceist leis na sonraí seo.
Spásúil Is minic a thugtar sonraí geospásúla ar shonraí spásúla agus is ionann iad agus sonraí a bhaineann le nó ina bhfuil faisnéis maidir le rudaí i gcóras comhordanáideach geografach. Ceadaítear leis seo rudaí amhail foirgnimh, lochanna nó sléibhte a léiriú. D’fhéadfadh eolas ar thréithe de rud, ar nós airde foirgnimh, a bheith i gceist le sonraí.
Pearsanta Íogair Tugtar Sonraí Pearsanta Íogair nó Sonraí Catagóirí Speisialta ar na sonraí seo in RGCS agus is ionann iad agus sonraí pearsanta a chaithfear a láimhseáil agus a phróiseáil go cúramach mar gheall ar an tionchar mór a bhíonn ag na sonraí ar chúrsaí. Áirítear le sonraí pearsanta íogaire leithéidí faisnéise airgeadais agus sláinte. Coisctear próiseáil na sonraí seo ach amháin má tugadh toiliú follasach.