Skip to content

Polasaí Príobháideachais

Réamhrá

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a dhéanann cothabháil ar an láithreán gréasáin seo. Tá meas ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar do cheart chun príobháideachta, agus ní bhaileoidh siad aon eolas pearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo gan cead soiléir a fháil uait roimh ré. Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú de do thoil féin de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus i gcomhréir go hiomlán leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003.

Baineann an ráiteas seo lenár gcuid cleachtas príobháideachta maidir leis an láithreán gréasáin seo. Tugtar míniú ag deireadh an leathanaigh seo ar roinnt téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo.

Faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid

Ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta ar an láithreán gréasáin seo, seachas faisnéis a thugann tú de do thoil féin e.g. nuair a thugann tú aiseolas nó nuair a fhreagraíonn tú ceist. Is le haghaidh an chuspóra a raibh sé ceaptha amháin a úsáidtear aon fhaisnéis a thugann tú ar an mbealach sin.

Faisnéis a bhailíonn muid mar ghnáthchleachtas

Féadfaidh muid an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó gach duine a úsáideann an láithreán gréasáin seo: Faisnéis staitistiúil (seoladh IP agus ainm ósta, leagan bhrabhsálaí gréasáin, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu etc.) An seoladh láithreán gréasáin a d’úsáid tú roimhe chun ár láithreán gréasáin a bhaint amach, agus aon téarmaí cuardaigh a d’úsáid tú san áireamh Faisnéis eile a thug tú i bhfoirmeacha e.g. má thugann tú do chuid sonraí pearsanta agus tú ag iarraidh foirme nó ag tabhairt aiseolais

Na cuspóirí a n-úsáideann muid an fhaisnéis lena n-aghaidh

Is chun críocha an chuspóra a bhí beartaithe amháin a úsáidfear aon fhaisnéis phearsanta a chuireann tú ar fáil. Ní dhéanfaidh muid iarracht cuairteoirí aonair a aithint, agus ní cheanglóidh muid na sonraí teicniúla atá liostaithe thuas le haon duine aonair. Tá sé mar bheartas againn gan aon fhaisnéis theicniúil den sórt sin i dtaobh cuairteoirí aonair ar an láithreán gréasáin a nochtadh riamh do thríú páirtí ach amháin má cheanglaítear orainn an fhaisnéis sin a nochtadh de réir riail an dlí. Is le haghaidh cuspóirí staitistiúla agus riaracháin eile amháin a úsáidfear an fhaisnéis theicniúil. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach ionann sonraí teicniúla, nach féidir linn a cheangal le haon duine aonair inaitheanta, agus ‘sonraí pearsanta’ chun críocha na n-Achtanna um Chosaint Sonraí, 1988 – 2003.

Fianáin

Is é atá i bhfianáin ná blúiríní beag faisnéise, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuireann láithreán gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an láithreán gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thugann tú cuairt air ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh go mbeadh an fhaisnéis atá stóráilte ar fhianán ar do chuid nósanna brabhsála ar an láithreán gréasáin, nó le huimhir aitheantais uathúil ionas go mbeidh an láithreán gréasáin in ann ‘cuimhneamh’ ort nuair a thugann tú cuairt air arís. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an láithreáin ghréasáin. De ghnáth, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin a mbeifí in ann tú a aithint uaithi, ach má tá faisnéis den sórt sin tugtha don láithreán gréasáin agat.

Fianáin ar an láithreán gréasáin seo.

Nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo den chéad uair, feicfidh tú teachtaireacht a inseoidh duit faoi fhianáin. Má chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Ceil an teachtaireacht seo’ socrófar fianán a dhéanfaidh taifead ar do rogha. Ligeann an chuid is mó de bhrabhsálaithe duit fianáin a chur as nó do chuid socruithe a chur in oiriúint d’fhianáin. Chun foghlaim conas é sin a dhéanamh féach ar an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara le do thoil má chasann tú as fianáin nó má athraíonn tú do chuid socruithe, go bhféadfadh nach n-oibreodh roinnt gnéithe den láithreán gréasáin i gceart.