Skip to content

Standards

Forléargas

Réamhrá

Le bunú chatalóg API na Seirbhíse Poiblí tá garsprioc bhunriachtanach bainte amach maidir le fís lárnach Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí 2019 – 2023. Tá an fhís seo dírithe ar rialachas, bainistíocht agus athúsáid sonraí a fheabhsú trí chur chuige comhtháite ar fud na Seirbhíse Poiblí i leith sonraí a sheachadadh.

Ní hamháin go mbeidh níos mó daoine in ann, mar gheall ar chur chun feidhme Chatalóg API na Seirbhíse Poiblí, teacht ar APIanna agus tacar sonraí agus iad a athúsáid idir Forais Seirbhíse Poiblí (PSBanna), ach cuirfear ar fáil deis freisin caighdeáin chomhsheasmhacha maidir le dearadh, bainistiú agus slándáil APIanna Seirbhíse Poiblí trí na caighdeáin agus na treoirlínte idirnáisiúnta API is fearr a chur in iúl do PSBanna.

Tá feidhm ag caighdeáin API ar gach API leis an tSeirbhís Phoiblí nó arna fhorbairt ag an tSeirbhís Phoiblí agus gníomhaíonn siad mar fhoinse do PSBanna nuair atá siad ag meas cad iad na réimsí de phróisis deartha, slándála agus bhainistithe API a bhfuiltear le tabhairt fúthu chun na caighdeáin seo a chomhlíonadh.

Trí PSBanna ag glacadh leis na caighdeáin is fearr seo i gcleachtais agus próisis API inmheánacha, samhlaítear go mbeidh caighdeán APIanna lena n-éascófar malartú sonraí ar fud na Seirbhíse Poiblí de cháilíocht ard chomhsheasmhach chun aon leochaileacht sheachtrach a mhaolú, malartú sonraí níos éifeachtúla a chur chun cinn agus muinín a bhunú idir PSBanna agus an pobal maidir le malartú sonraí API Seirbhíse Poiblí. Le cur chuige comhionann ar fud na Seirbhíse Poiblí i leith dearadh, bainistiú agus slándáil chomhsheasmhach API, leis na caighdeáin is fearr idirnáisiúnta agus san áireamh, cuirfear chun cinn muinín níos mó sa cháil trédhearcachta, infhionntachta, ath-inúsáidteachta agus iontaofachta sonraí idir PSBanna a éascaíonn a thuilleadh bailiú aonuaire sonraí poiblí agus a n-athúsáid leanúnach ar fud na Seirbhíse Poiblí.

Le foilsiú caighdeán API Seirbhíse Poiblí cinnteofar ní hamháin muinín idir PSPanna, ach freisin muinín phoiblí, go n-úsáidtear na caighdeáin is airde idirnáisiúnta mar bhonnlíne le haghaidh malartú API sonraí poiblí laistigh den tSeirbhís Phoiblí.

Foilseofar an doiciméad um Chaighdeáin agus Treoirlínte API na Seirbhíse Poiblí go luath in 2024.

Spriocphobal an Doiciméid

Is é an spriocphobal don doiciméad um chaighdeáin agus treoirlínte API na Seirbhíse Poiblí Forbróirí API, Speisialtóirí Cibearshlándála agus bainisteoirí seachadta seirbhíse arb é a sainchúram APIanna idir-rannacha a dhearadh agus a bhainistiú sa tSeirbhís Phoiblí.

Scríobhadh na caighdeáin agus treoirlínte API le haghaidh úsáid inmheánach laistigh den tSeirbhís Phoiblí, ach táthar á gcur ar fáil le haghaidh tagairt níos leithne don phobal, chun trédhearcacht phoiblí caighdeáin API bhonnlíne sa tSeirbhís Phoiblí a chinntiú, agus d’eagraíochtaí a fhorbraíonn APIanna Seirbhíse Poiblí.