Tairseach Sonraí Oscailte na hÉireann

1 Eanáir 2021

Tairseach Sonraí Oscailte

Tá raon leathan ranna, oifigí agus gníomhaireachtaí rialtais sa tseirbhís phoiblí agus cuireann siad go leor seirbhísí éasgúla ar fáil ar fud réimsí na sochaí agus an ghnó. Cuireann na heagraíochtaí seo go leor sonraí luachmhara i láthair.

Is éard atá i gceist le sonraí oscailte na sonraí atá á gcoimeád ag na comhlachtaí seirbhíse poiblí a chur ar fáil agus rochtain éasca ar líne a thabhairt do dhaoine chun iad a athúsáid agus a athdháileadh. Tá sonraí oscailte ina n-acmhainn bhunúsach le haghaidh rialtas, gnólachtaí agus na sochaí sibhialta. Tá tionchair dhearfacha na sonraí oscailte fairsing agus clúdaítear iontu réimsí polaitíochta, sóisialta agus eacnamaíochta. D’fhéadfadh sonraí oscailte feabhas a chur ar thrédhearcacht agus éifeachtúlacht rialtais, nuálaíocht ghnó a chruthú agus réimse leathan buntáistí sóisialta agus pearsanta a chur ar fáil.

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as beartas na hÉireann maidir le sonraí oscailte. B’aschur ríthábhachtach é an tairseach náisiúnta sonraí oscailte atá againn, a thugann rochtain do dhaoine ar shonraí oifigiúla neamhphearsanta rialtais i bhformáid oscailte. Nascann an tairseach le breis agus 8,800 tacar sonraí ó 100 foilsitheoir faoi láthair. Caithfear na sonraí sin a fhoilsiú faoi cheadúnas oscailte ionas gur féidir na sonraí a úsáid, a athúsáid agus a athdháileadh go héasca.