Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí 2019 – 2023

1 Eanáir 2021

Leagtar amach i Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí 2019-2023 fís mhionsonraithe ina bhfuil sraith spriocanna agus gníomhaíochtaí chun cur chuige uile-rialtais níos comhtháite a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear agus a mbainistítear sonraí laistigh den tseirbhís phoiblí. Cuirfear sraith beart i bhfeidhm chun an chaoi a rialaítear, a mbainistítear agus a n-athúsáidtear sonraí a fheabhsú ar bhealach sábháilte, éifeachtúil agus trédhearcach ar mhaithe le saoránaigh, gnólachtaí agus lucht déanta beartas.

 

Ach an straitéis a chur i bhfeidhm, beidh an tSeirbhís phoiblí in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh ar bhealach níos fearr

 

Seirbhísí digiteacha ó cheann ceann atá níos comhtháite a chur ar fáil
Próisis níos fearr maidir le ceapadh agus measúnú beartais a chur ar fáil
Cosaint agus trédhearcacht níos fearr a chur ar fáil maidir le próiseáil sonraí pearsanta Riarachán a laghdú ach deireadh a chur leis an dualgas atá ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh na sonraí céanna a sholáthar arís agus arís eile