An tAcht um Roinnt Sonraí agus Rialachas 2019

1 Eanáir 2021

Cuirtear bonn dlíthiúil ar fáil san Acht chun sonraí a roinnt idir comhlachtaí poiblí le haghaidh cuspóirí sonracha, dlisteanacha, lena n-áirítear:

  • seirbhísí poiblí a dhéanamh níos saoráidí ach an t-ualach a bhíonn orthu an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí difriúla a laghdú;
  • riarachán, maoirseacht agus rialú éifeachtach seirbhísí poiblí a éascú;
  • teidil ar sheirbhísí poiblí a bhunú
  • faisnéis mhícheart a aithint agus a cheartú; agus

Éilítear leis an Acht seo go roinnfear sonraí faoi chomhaontú foirmiúil scríofa ina leagtar amach cé na sonraí a roinnfear, chomh maith le cé leis agus cad chuige a roinnfear iad. Foilseofar comhaontuithe um roinnt sonraí sula roinnfear sonraí, agus beidh an pobal in ann a chuid barúlacha a thabhairt ar na moltaí.

Ina theannta sin, áirítear leis an Acht foráil chun rialachas sonraí níos fearr a chinntiú ar fud na seirbhíse poiblí ach na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Bord um Rialachas Sonraí a bhunú chun comhairle a chur ar an Aire faoi bheartas maidir le bainistíocht sonraí sa tseirbhís phoiblí;

Féachtar leis an Acht seo trédhearcacht a fheabhsú go mór ach bonn dlíthiúil a chur ar fáil chun tairseach rochtana maidir le sonraí pearsanta a chruthú. Cuirfidh an tairseach seo pointe rochtana amháin ar fáil do dhaoine le gur féidir leo teacht ar na sonraí atá á gcoimeád ag comhlachtaí poiblí fúthu, conas a úsáidtear na sonraí sin agus cé a bhíonn á n-úsáid.