Skip to content

Catalóg Sonraí na hÉireann

Céard é Catalóg Sonraí na Seirbhíse Poiblí?

Tá sé mar aidhm ag Catalóg Sonraí na Seirbhíse Poiblí oscailteacht agus trédhearcacht a chur chun cinn i dtaca leis na sonraí atá á gcoimeád ag an tseirbhís phoiblí ach sonraí seirbhíse poiblí a chatalógú agus cur síos a dhéanamh orthu. <.p>

Ós rud go mbíonn méideanna móra sonraí á mbailiú, á stóráil agus á bpróiseáil ag comhlachtaí seirbhíse poiblí chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil, aithníodh go raibh gá leis na sonraí a choimeádann an tSeirbhís phoiblí, a bhí ag dul i méid, a chatalógú.

Faoin gCatalóg seo

Cuireadh an Chatalóg le chéile chun cabhrú le daoine sonraí a aimsiú agus tuiscint a fháil ar an úsáid a bhaintear as sonraí ar fud na seirbhíse poiblí. Beidh feasacht agus tuiscint níos fearr ag an bpobal agus ag an tseirbhís phoiblí ar shonraí seirbhíse poiblí agus ar an úsáid a bhaintear astu dá bharr sin.

Mar gheall ar an trédhearcacht agus an oscailteacht seo i dtaca le sonraí, tabharfar eolas do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar an gcaoi a n-úsáidtear a gcuid sonraí.

Bainfidh an tSeirbhís Phoiblí leas as nuálaíocht agus leasuithe maidir le sonraí a chothú, de réir mar a aimsíonn agus a athúsáideann comhlachtaí poiblí sonraí nach raibh ar eolas acu roimhe seo.

Faoi datacatalogue.gov.ie

Cuireann Catalóg Sonraí na Seirbhíse Poiblí ar chumas comhlachtaí seirbhíse poiblí cur síos a dhéanamh ar a sealúchais sonraí agus faisnéis á cur ar fáil acu ar na tacair shonraí éagsúla, lena n-áirítear eolas amhail scóip agus cuspóir an tacair sonraí. Cuireann an Chatalóg meiteashonraí ar fáil ar thacair shonraí a thaifeadann sí agus ní chuireann sí dír-rochtain ar na tacair shonraí seo ar fáil. Is féidir tacair shonraí atá liostaithe a íoslódáil tríd an Tairseach Sonraí Oscailte, data.gov.ie, áfach.

Tá sé beartaithe go gcuirfidh Catalóg Sonraí na Seirbhíse Poiblí faisnéis ardleibhéil ar fáil i dtaca le príomhthacair shonraí ar fud na Seirbhíse Poiblí. Ní liostaítear sa Chatalóg gach tacar sonraí ar fud eagraíochtaí seirbhíse poiblí.